Scéalta faoi fhear siúil darbh ainm Mícheál Cur na Dánta (Mícheál an Chorradáin) a bhí sé ag stopadh ar an Ardaí Mhór. Chuaigh sé le gugán brat a fháil, dán a chum sé: Ar an Fhál Carrach atá an Pápa, Is cosúil gur athraigh an Róimh, íosfaidh muid muc achan lá is ní bheidh muid lá gan feoil agus beidh muid ar shéid amháin le muintir an teampaill mhóir.
Lá eile a bhí sé i Machaire Uí Rabhartaigh lá siocáin agus rinne se iarracht clocha a thógáil le caitheamh ar na madaidh a bhí ag tabhairt iarraidh air ach bhí na clocha sioctha agus ní raibh sé ábalta iad a thógáil, chum sé dán:
Na clocha ceangailte agus na madaidh scaoilte agus Mícheál a charnadh ar shráid na mbodaigh. | 00:02:20 | |